Éigse na Bruiséile // 13-15 Bealtaine 2022
Date et heure
Politique de remboursements
Contactez l'organisateur pour demander un remboursement.
Les frais d'Eventbrite ne sont pas remboursables.
*Ní féidir ticéad a cheannach ar líne a thuilleadh ach beifear in ann íoc ag an doras ag gach ócáid. Fáilte roimh chách - bígí linn!
À propos de cet évènement
Dé hAoine 13 Bealtaine
19:00 - Léacht Oscailte na hÉigse
‘Ar Deoraíocht i Lobháin: Ceárta agus Cliabhán na Saíochta Dúchais’ leis an Ollamh Emeritus Mícheál Mac Craith
Fear an Tí: Tomaí Ó Conghaile / Focal Fáilte: An tAmbasadóir Kevin Conmy
@ Ambasáid na hÉireann, Rue Froissart 50, 1040
20:00 - Seisiún na hAoine
Ceol agus amhráin le Claire Nic Ruairí, Ciarán Ó Ceallaigh agus Seán Ó Gallchobhair
@ Siendas, Place Jourdan 26, 1040
Dé Sathairn 14 Bealtaine
11:00 - Súil ar Lámhscríbhinní Gaeilge ón 17ú Céad*
Cuairt ar an mbailiúchán le Carolien Mertens
@ Leabharlann Ríoga na Beilge (KBR), Mont des Arts 28, 1000
15:00 - Fontenoy 1745-2022: Caithréim na nGael i bhFlóndras
Ócáid liteartha le Liam Mac Cóil
Fear an Tí: Diarmuid Johnson
@ Au Bassin (Salle ‘Ginette’), Quai aux Briques 74, 1000
16:30 - Auguste sa Chathair
Radharc ó dhráma nuascríofa le Rua Breathnach, faoi stiúir Rémi Beelprez, le Graziella Boggiano
@ Au Bassin (Salle ‘Ginette’), Quai aux Briques 74, 1000
I ndilchuimhne ar Éabha Rosenstock
20:00 - Éire agus an Bheilg d'aon ghuth
Ceolchoirm i nGaeilge, Pléimeannais agus Vallúinis le Doimnic Mac Giolla Bhríde, Frances Morton, Raphaël De Cock agus Liam Ó Ceallaigh
@ Au Bassin (Salle ‘Ginette’), Quai aux Briques 74, 1000
Dé Domhnaigh 15 Bealtaine
14:00 - Seoladh Leabhair na hÉigse
‘Pobal na Gaeilge: Daonra, Institiúidí, Stádas, agus Cumhacht’ leis an Dr Pádraig Ó Laighin, á sheoladh ag an Dr Seán Ó Riain
Bean an Tí: Úna O’Connor
@ Café Béguin (thuas staighre), Place du Samedi 12A, 1000
16:00 - An Seisiún Clabhsúir
le ceoltóirí áitiúla na Bruiséile
@ Joran – Cidrothèque, Jacques Jansen 3, 1030
*Is líon spásanna teoranta atá ann le haghaidh na cuairte ar an Leabharlann Ríoga Dé Sathairn mar sin ní mór ríomhphost a sheoladh chuig eolas@eigse.be faoin 4 Bealtaine chun d’áit a chur in áirithe.
Tá an chéad bhliain seo den Éigse á reáchtáil gan aon mhaoiniú mar sin dá mba mhaith le haon duine nó eagras tabhartas a bhronnadh chun cuidiú le heagrú na hÉigse níl le déanamh ach teagmháil a dhéanamh linn. Bheadh gliondar orainn cluinstin uait.
Tá tuilleadh eolais le fáil ar eigse.be